Skip to content

Éalú: Coincheap

Coincheap – Cormac Breatnach

I mí an Mheithimh 2010, chuir mé tús le mo thaifeadadh is deireanaí i gcomhar le Gavin Ralston, ceoltóir agus léiritheoir. Chabhraigh sé liom cuid de na fuaimrianta a chóiriú agus a léiriú, sé chinn de cheol gutha.  Ar deireadh fágadh sinn le seacht bhfuaimrian, thart ar sé nóiméad an ceann.  Bhí mar aidhm agam giotár leictreach a léiriú agus táim fíorbhuíoch do Gavin dá chúnamh ceolmhar báúil ina leith seo.

Éalú – Foreign Links atá mar theideal ar an taifeadadh seo.  Éalú sa chiall teitheadh, athadh, imeacht (aimsire, taoide).  Mar go bhfuil tábhacht ag gach ceann acu seo dom agus mé ar mo thuras tríd an saol, bhraith mé gur teideal feiliúnach ar an albam é Éalú.  Tá trí bliana déag caite ó chuaigh mé ar mo thuras ceoil deireanach, agus is pribhléid dom é an uair seo a bheith ag obair le seacht gceoltóir déag tréitheach agus cúig chantóir as ceithre thír – an Afraic (an Nigéir agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó), Meiriceá, Éire agus an tSeapáin.  Tá 10 ndréacht ionstraimeach nua a chum mé féin ar an albam, an chuid is mó acu díobh sa phríomhfhuaimrian, Éalú, a mhaireann 9.5 nóiméad.

Is pribhléid dom é chomh maith ceithre dhréacht nua ag ceoltóirí eile a léiriú – dhá cheann le Alan Griffin, ceann le Roger Doyle agus an ceann deireanach le cumadóir Spáinneach anaithnid.

Tá dhá amhrán agus cúig shaothar ón dtraidisiún Gaelach san áireamh chomh maith. Is fearrde an saothar nua atá taifeadta anseo, i mo thuairimse, mar go bhfuil tionchar ag taifeadadh gach duine a bhí páirteach ann air agus chuir siad go mór le saibhreas an albaim seo ina bhfuil naisc eachtracha.

Ceann de na difríochtaí idir an albam seo agus taifeadtaí eile de mo chuidse ná nach bhfuil aon fheadóg ard á seinm agam: Seinnim feadóga ísle Susato i ngléasanna C, D, Eb, F agus G.  Neamhchosúil leis na taifeadtaí roimhe seo, freisin, níl aon ríl ar an taifeadadh seo.

Seo a leanas cur síos gairid ar an seacht bhfuaimrian:

Tosaíonn The Minded le port a chum mé d’iníonacha mo pháirtnéara, Yvonne agus Alyssa, cúpla bliain ó shin.  Leantar é ag Sean Rogha aithnidiúil, port ríúil agus rogha de mo chuidse a thugann deis do chóiriú meidhreach.  Is breá liom na gormacha agus snagcheol agus is nasc é an chéad phíosa eile idir dhá réimse ceoil: an sintéiseoir ag fógairt ionadacht an réimse “eile” agus an teacht abhaile, an port luascach iontach aithnidiúil, Butterfly, mar bhuaicphointe.

Amhrán do pháistí é Universal Sun a chum mé le mo pháirtnéir, le béim a chur ar chumhacht theas na gréine – meafar don ghrá – gan é ní mhairfeadh ná ní fhásfadh aon ní beo.  Léiríonn na hainmhithe a luaitear san amhrán, ainmhithe a thagann ó thíortha éagsúla an domhain, iad siúd inár sochaí atá i mbaol agus meabhraíonn an t-amhrán dúinn conas mar a déantar dúshaothrú orthu siúd atá faoi mhíbhuntáiste inár sochaí, cosúil leis na hainmhithe, d’fhonn dul chun cinn pearsanta. Dearbhaíonn an t-amhrán dúinn chomh maith, mar go bhfuil an gnáth riachtanas againn a bheith teolaí, go bhfuil an bun riachtanas céanna againn go mbeadh grá ag duine dúinn.  Trí aitheantas a thabhairt don bhunriachtanas seo is féidir linn foghlaim conas meas a léiriú dá chéile agus maireachtáil i ndomhain a sheachnaíonn cathú an féinscriosta.

Ceol ionstraimeach don mhórchuid atá sa phríomhfhuaimrian Éalú ina bhfuil caointeoireacht d’fhonn meascán bróin agus sonais a léiriú.  Tosaíonn an turas ceoil 10-nóiméad seo le caoineadh ach tiontaíonn sé isteach i riocht mothúchánach níos sonasaí.  Cantar an Caoineadh faoi dhó, ar dtús ag fear agus ansin ag bean. Tugann easpa liricí – agus comhthéacs ar leith – deis don éisteoir a t(h)uras féin a thógáil agus a m(h)íniú féin a bhaint as na mothúcháin aistreacha a léirítear sna foinn éagsúla den bhfuaimrian seo.  Tugtar éirim idirnáisiúnta níos leithne don bhfuaimrian seo le rannpháirtíocht an chantóra Kokia i dTóiceó agus liomsa in Éirinn.

Cóiriú d’iomann Gaelach aithnidiúil é Land Of Open Welcome? a dhéanann ceiliúradh ar ár bpátrún, Pádraig.  Scríobh an file Theo Dorgan na liricí nua, in onóir Naomh Pádraig agus Naomh Bríd.  Baineann a chuid focail ó neart na naomh seo d’Éire an lae inniu trí threoir agus cúnamh a thabhairt. Cé gur scríobhadh iad seacht mbliana ó shin, déanann na focail sinn a mhúscailt le misneach sa chúlú eacnamaíochta atá ann faoi láthair agus tá ciall thréan leo sa lá atá inniu ann in Éirinn; ní mór dúinn ar fad a bheith buíoch do na nithe atá againn a luaithe a thugaimid aitheantas don chruatan a bhaineann de an oireadh sin daoine eile atá imeallaithe inár sochaí agus atá ag fulaingt fós dá bharr.  Chuir sé áthas mór orm gur shocraigh an t-aisteoir agus cantóir Meiriceánach Afracach, Vanessa Williams, briseadh a thógáil óna sceideal gnóthach scannánaíochta chun canadh ar an bhfuaimrian seo. Amhrán tírghrá Éireannach The Minstrel Boy, a scríobh Thomas Moore (1779-1852), atá sa mháirseáil deireanach. Chuir sé é le fonn The Moreen, seanfhonn Gaelach.  Seinntear mar cheol ionstraimeach anseo é.

Dréacht mall dúisitheach é Steal a Kiss a chum an pianódóir Roger Doyle, a chuir mé in oiriúint faoin mbratach 1916.    Seinnteoir pianó é Roger atá i dteach ósta, a fhéachann síos ar Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath, Luan Cásca, 1916. Úsáideadh Ard-Oifig an Phoist mar shiombail an fhrithbheartaíocht Éireannach san Éirí Amach i 1916 in aghaidh fhorghabháil na Breataine dá éis sin.  Agus é ag seinm an pianó i bpóirse an tí ósta tugann sé áilleacht mná atá in aice leis faoi deara agus tosaíonn sé ag machnamh ar dhul in araicis léi go rómánsúil.

I gcontrárthacht leis seo agus taobh amuigh “dá” dhomhain féin, feiceann sé trí fhuinneog an tí ósta fir in éide ghlas os comhair Ard-Oifig an Phoist, agus duine acu ag léamh an Fhorógra leis an bpobal.  Nuair a thosaíonn an pianódóir ag díriú ar an bhfear seo in éide ghlas, tarlaíonn borradh ann óna fho-chomhfhios agus tosaíonn fonn eile ann a chothaíonn mothúcháin aduain: cuireann an fonn seo tús le ré nua.  Ar deireadh, bíonn na foinn phíobaireachta chogúil ón 17ú haois ina shiombail ar an athrú sa staid pholaitiúil a thuismigh na Reibiliúnaigh, neart acu a d’fhulaing an báis sa deireadh.

Foxtrot atá sa chéad fhuaimrian eile ó réigiúin Guadalajara na Spáinne. Chuala mé é á sheinm don chéad uair ag an gceoltóir Gailíseach Carlos Beceiro, ball den bhuíon Spáinneach La Musgaña. Mhúscail an ceol sin mé le suim a léiriú i mo fhréamhacha Spáinneacha nuair a chuala mé iad don chéad uair sna hAsóir i 1995.   D’fhoghlaim Carlos an Foxtrot ó Toribio del Olmo, seinnteoir an dulzaina. Is cosúil gurb é “caomhnóir” an fhoinn seo é.  Nasctha leis an Foxtrot tá dhá dhréacht ón gceoltóir Éireannach/Bascach, Alan Griffin, a chaith 25 bliain ina chónaí, ag seinm agus ag taifeadadh i dtír na mBascach.  Chuir an Stiúrthóir scannán Paddy Hayes Alan in aithne dom don chéad uair mí Bealtaine 2007 nuair a bhí mo thuras ceoil á scannánú ar an gclár Ceolchuairt do TG4.  Spreag dlúthdhiosca Alan mé, Lau Anaiak lena ghrúpa Alboka, agus mhúscail ionam suim nua i mo fhréamhacha Bascacha féin.

Caoineadh atá san fhuaimrian deireanach tiomnaithe do mo thuismitheoirí, a fuair bás laistigh de dhá lá dá chéile i mí Deireadh Fómhair 2007.  Spreag an fonn oscailte Aoife Doyle leis na focail aerachtúla a chumadh. Go raibh maith agat, a Aoife. Is é an teideal atá ar an gcaoineadh ná a bheannacht teaghlaigh féin a bhí ag m’athair agus é ag scaradh le daoine. “Slán agus Breatnach”, imeartas focal ar an mbeannacht Gaelach “Slán agus Beannacht”.  Tá ceithre chuid san fhuaimrian agus déanann sé déileáil le saol mo thuismitheoirí in ord droim ar ais; (i) glaoch ón uaigh; (ii) a sochraidí; (iii) a saolta; agus (iv) a gcéad análacha.

- Deireadh.